Surprise Me!

Matt Mooney - Ceist Agam Orm.

2014-11-10 23 Dailymotion

Ceist agam orm féin:
Ó chrann atá lom
Cad é an síor gearán
Sa choill atá láimh liom?
An éan atá ann?

Ní fheicim aon éan-
Níl éan ar an gcrann.

Cuirim cluas orm fein
Ag féachaint in airde
Is aithním an fhuaim uaim
Ar deireadh mar ghioscán:
Fuinseoig ag caoineadh,
Ina luascán ag gaotha,
Ag fulaingt mar dhuine.

(Read my translation from Gaelic to English 'I Ask Myself'.)

Matt Mooney

http://www.poemhunter.com/poem/ceist-agam-orm/